Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Beirt pháistí a maraíodh i dtionóiscí bóthair á gcaoineadh

08 APRIL 2025, 12:14

Bhí Michael Coffey ceithre bliana déag
X Facebook

Buachaill ceithre bliana déag d'aois a bhí sa té a maraíodh i dtionóisc bhóthair in aice le Cill Airne i gCo Chiarraí tráthnóna inné.

Bhuail tarracóir Michael Coffey agus é ag iascaireacht ag Droichead Scairbh an Chuilinn i Lios an Phúca in éineacht lena athair agus le buachaill eile, cara leis.

Bhásaigh Michael ar an mball.

Níor gortaíodh tiománaí an tarracóra, fear sna fichidí.

Ba as Cill Airne Michael agus dúirt comhairleoir áitiúil Martin Grady go bhfuil muintir an bhaile trína chéile faoin tubaiste.

Láthair na tubaiste i Lios an Phúca

Maraíodh cailín sé bliana d'aois Dé Sathairn seo caite nuair a leag leoraí í agus í ag rothaíocht in aice lena teach cónaithe i nGleanntán an tSrutháin, Bóthar Áth Cinn, i gcathair na Gaillimhe.

B'in í Ula Grigaitytė a bhí sna Naíonáin Mhóra i Scoil Róis i mBóthar na Trá.

Dúirt príomhoide na scoile Michelle McCarra gur tragóid uafásach a bhí i mbás an ghearrchaile.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ