Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Is gan chead, gan chomhairle, a cuireadh feistí leighis i leanaí

08 APRIL 2025, 15:26

Ospidéal Ollscoile na Leanaí, Sráid an Teampaill
X Facebook

Cuireadh feistí leighis nach raibh sábháilte i dtriúr páistí a raibh scolóis orthu in Ospidéal Ollscoile na Leanaí, Sráid an Teampaill i mBaile Átha Cliath, a deirtear in athbhreithniú reachtúil neamhspleách.

Baineann an scéal le lingeáin a hionphlandáladh sna leanaí san ospidéal idir 2020 agus 2022 le súil an cuar cliathánach ina ndromlach a dhíríú.

Tugtar le fios san athbhreithniú a rinne an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte nach raibh aon fhianaise ann gur thug riarthóirí an ospidéil cead do mháinlia áirthe feidhm a bhaint as na lingeáin.

Deirtear freisin nach ndeachaigh an máinlia sin i gcomhairle mar ba cheart le tuismitheoirí na bpáistí sula ndearna sé obráid orthu.

Máinlia A a thugtar sa tuarascáil ar an té atá i gceist.

Dúirt Máinlia A le lucht an athbhreithnithe gur bhain sé feidhm "shainiúil" ar bhonn "trialach" as na lingeáin.

Fuarthas amach le linn an athbhreithnithe, áfach, nach raibh cineál an chruach a raibh na lingeáin déanta as, nach raibh sé feiliúnach le haghaidh obráidí ionphlandála mar go bhfuil sé tograch do chreimeadh in áit atá tais.

Cathaoirleach Bhord Shláinte Leanaí Éireann, an Dr Jim Browne, d'fhógair sé go raibh sé le héirí as a chúram i bhfianaise a bhfuil san athbhreithniú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ