Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil i gCorcaigh, ciontaíodh fear 43 bliain d'aois de bhunadh na hIndia i ndúnmharú a mhná céile in 2023.
Phléadáil Regin Parithapara Rajan neamhchiontach i ndúnmharú Deepa Paruthiyezhuth Dinamani, a bhí 38 bliain, ina dteach cónaithe in Wilton i gcathair Chorcaí ar an 14 Iúil 2023.
Mhaígh sé gur de mhíthapa a ghearr sé a scornach.
Chaith an giúiré cúig huaire an chloig ag cíoradh na cúise sular chiontaigh siad é tráthnóna inniu.
Dúradh sa triail gurbh as Kerala i ndeisceart na hIndia an lánúin agus gur tháinig siad go hÉirinn lena mac cúig bliana ceithre mhí roimh an marú.
Ní raibh siad ag réiteach go maith le chéile, áfach, agus dúirt an bhean lena deartháir go raibh sí ag iarraidh colscaradh óna fear.
Cuntasóir cairte ab ea Deepa Paruthiyezhuth Dinamani agus bhí sí ag obair do chomhlacht seirbhísí airgeadais i gCorcaigh.
Cuireadh an ciontach siar faoi choinneáil go dtí an 2 Bealtaine, tráth a ghearrfar príosúin saoil air mar atá sainordaithe de réir dlí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ