Dúirt Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer inniu go raibh a rialtas ag déanamh a marana ar rialú a rinne cúirt i mBéal Feirste maidir le fiosrúchán poiblí a bhunú faoi dhúnmharú Sheáin Brown i gCo Dhoire i mí na Bealtaine 1997.
Rialaigh an Chúirt Achomhairc go gcaithfí fiosrúchán poiblí neamhspleách a bhunú gan a thuilleadh moille.
D'fhuadaigh dílseoirí ón LVF Seán Brown, a bhí 61 bliain d'aois, taobh amuigh de chlubtheach CLG Wolfe Tones Bhaile Eachaidh i gCo Dhoire, agus lámhach agus mharaigh siad é i mBaile Raghnaill, Co Aontroma, go gairid ina dhiaidh sin.
Chreid náisiúnaithe riamh go raibh póilíní an RUC bainteach leis an marú agus nár fiosraíodh é i gceart dá bharr sin.
Bhí Keir Starmer ag freagairt ceisteanna ag éisteacht de choiste gnóthaí an Tuaiscirt in Westminster inniu.
Cathaoirleach an choiste, Tonia Antoniazzi, dúirt sí leis an bPríomh-Aire go raibh teaghlach Sheáin Brown ag fanacht 28 bliain leis an bhfírinne a fháil.
Tharraing sí aird freisin ar an laghad eolais a bhí i gcáipéisí faoin gcás a thug Rialtas na Breataine don teaghlach.
Dúirt sí gur bhuail sí le baintreach agus beirt iníonacha Sheáin Brown anuraidh agus gur thaispeáin siad di 56 bileog a bhí iomlán folaithe, gan oiread agus focal amháin le feiceáil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ