Tá líon na ndaoine atá maraithe in ionsaithe Iosrael ar Gaza ón 7 Deireadh Fómhair 2023, imithe thar 50,000 anois, dar le húdaráis sláinte na Pailistíne.
Deir ráiteas ón aireacht sláinte gur 50,021 é líon na marbh anois agus go bhfuil 113,274 duine gortaithe, ó thosaigh Iosrael ar an bhfeachtas seo mar fhreagra ar ionsaí Hamas ar Iosrael a mharaigh 1,200 duine agus a d’fhág 250 ina ngialla.
Tar éis dhá mhí nuair a bhí sos comhraic i bhfeidhm, a bheag nó a mhór, tá muintir Gaza ar a dteitheadh an athuair ó ionsaithe aeir agus talún agus cogadh Iosrael in aghaidh Hamas ar bun arís.
Deir Pailistínigh gur maraíodh 400 in sin lá amháin, Dé Máirt seo caite, agus gur mná agus páistí iad níos mó ná a leath díobh.
Maraíodh ceannairí de chuid Hamas sna hionsaithe sin, ina measc Salah al-Bardaweel,duine de cheannairí rialtais na heagraíochta.
Tá sé curtha i leith Iosrael ag Hamas gur sháraigh siad téarmaí an tsosa chomhraic agus go bhfuil siad ag sárú dlithe idirnáisiúnta agus bacanna curtha ar lastais fóirithinte éigeandála isteach chuig Gaza.
Ach deir Hamas go bhfuiltear fós sásta dul i mbun idirbheartaíochta agus go rabhthas ag breathnú ar mholtaí Steve Witkoff, toscaire an Uachtaráin Trump.