Tuairiscítear gur maraíodh 70 duine ar a laghad agus gur leonadh na dosaein i ruathair bhuamála a rinne aerfhórsa Iosrael ar roinnt áiteanna in Gaza i gcaitheamh na hoíche.
Áirítear os cionn 500 Palaistíneach a bheith maraithe ag fórsaí míleata Iosrael le trí lá.
D'fhógair na hIosraelaigh inné go raibh tús curtha as an nua acu le hionsaithe talún freisin.
Tá conair soir-siar i lár Gaza faoina smacht ag na hIosraelaigh arís agus dhá leath déanta acu den iamhchríoch.
Inné, thug na hIosraelaigh fógra do shibhialtaigh imeacht as "ceantair chomhraic" i dtuaisceart Gaza agus tá bóthar buailte ag na mílte teifeach ó shin.
Deir Rialtas Iosrael go leanfar de na hionsaithe nó go scaoilfidh Hamas saor na gialla Iosraelacha atá faoi choinneáil i gcónaí acu in Gaza.
58 giall atá i gceist ach measann na hIosraelaigh go bhfuil 34 díobh marbh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ