Tá sé séanta ag an Rialtas nach bhfuil grinnfhiosrúchán mar is ceart á dhéanamh ar dhaoine sula ligtear isteach sa Gharda Síochána iad.
I nDáil Éireann inniu, mhaígh an Teachta Alan Kelly ó Pháirtí an Lucht Oibre nach bhfuil an grinnfhiosrúchán cuí á dhéanamh ar dhaoine níos mó mar go bhfuiltear ag iarraidh an oiread Gardaí nua agus is féidir a earcú a luaithe is féidir.
Gardaí sa choláiste oiliúna i gCo Thiobraid Árann a tharraing a aird ar an bhfaillí, arsa an Ceallach. Dúirt sé freisin go raibh alltacht ar Ghardaí ar fud na tíre faoin scéal.
D'fhreagair an tAire Dlí agus Cirt Jim O'Callaghan agus dúirt nach raibh aon fhírinne sa scéal.
"Tá sé curtha in iúl dom ag Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris", arsa Jim O'Callaghan "go bhfuil an cíoradh a dhéantar ar bheathaisnéis agus ar dhintiúir earcach nua ar an ngrinnfhiosrúchán is mionsonraithe sa Stát".
Cé go ndearnadh athruithe ar an bpróiseas grinnfhiosraithe le gairid, a dúirt an tAire, tá seacht n-acra idir sin agus a bhfuil á mhaíomh ag Alan Kelly.
Déantar grinnfhiosrúchán ar dhintiúir phearsanta daoine nuair a dhéanann siad iarratas ar dhul isteach sa Gharda Síochána ar an gcéad dul síos, arsa an tAire, chomh maith le grinnfhiosrúchán slándála cúpla uair ina dhiaidh sin de réir mar a théann an t-iarratasóir chun cinn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ