Tá 29 gluaisteán tógtha ag na Gardaí ó dhrong coireachta eagraithe i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.
Tá €200,000 in airgead tirim leis na coirpigh calctha ag na Gardaí freisin.
Is le comhlacht díolta gluaisteán na feithiclí a tógadh inniu ach creideann na Gardaí nach bhfuil ann ach comhlacht mar dhea a mbaintear leas as le hairgead a sciúradh.
Tá an t-airgead a calcadh i gcuntais éagsúla leis an gcomhlacht sin.
Meastar luach thart ar €600,000 a bheith sna gluaisteáin.
Chuardaigh na Gardaí tithe cónaithe agus ionaid ghnó i mBaile Átha Cliath agus sa Longfort mar chuid den fhiosrúchán.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ