Skip to main content

Irish News

 

Tuilleadh daoine maraithe ag Iosrael in Gaza

19 MARCH 2025, 14:59

Ag caoineadh na marbh i gCathair Gaza, 19 Márta 2025
X Facebook

Tuairiscítear gur maraíodh scór Palaistíneach ar a laghad agus gur gortaíodh na dosaein nuair a bhuamáil aerfhórsa Iosrael roinnt áiteanna in Gaza i gcaitheamh na hoíche.

Deirtear go raibh mná agus leanaí i measc na ndaoine a maraíodh sna ruathair a rinneadh ar Chathair Gaza i lár na hiamhchríche agus ar Khan Younis sa deisceart.

Tá tús curtha ag na hIosraelaigh an athuair leis an tréanbhuamáil ollmharfach atá siad a dhéanamh ar Gaza le bliain go leith, go háirithe agus Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump á ndreasú chun fola.

Maraíodh os cionn 400 Palaistíneach agus leonadh na céadta eile nuair a bhuamáil na hIosraelaigh bailte ar fud Gaza go moch ar maidin inné.

I ráiteas bagrach tintrí, d'fhógair Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu nach raibh sa sléacht sin ach a thús agus dúirt nach ndéanfaí aon mhargáil le Hamas feasta ach faoi scáth an fhornirt.

Mar leis an sos comhraic nár cuireadh i bhfeidhm ach ar éigean le dhá mhí, mhaígh Netanyahu go raibh na téarmaí sáraithe ag Hamas agus go gcaithfeadh muintir Gaza díol as.

Dá chomhartha sin, duine a d'éirigh as comhrialtas Iosrael de bharr gur géilleadh an iomarca do Hamas, dar leis, tá sé ceaptha ina aire an athuair ag Netanyahu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ