Tá fear 61 bliain d'aois gafa ag na Gardaí faoi lear mór drugaí a fuarthas i gCo Chill Chainnigh inné.
Fuarthas luach €10.6 milliún de chócaon i leoraí a stop na Gardaí ar mhótarbhealach an M9 go gairid tar éis 10 a chlog ar maidin inné.
152 cileagram meáchain a bhí sa lear cócaoin a deir na Gardaí a bhí domhainfholaithe in aonad cuisniúcháin san fheithicil earraí troma.
Chuardaigh na Gardaí dhá ionad gnó ina dhiaidh sin chomh maith le háit chónaithe i bPort Láirge, áit ar thóg siad cáipéisíocht, fóin phóca agus trealamh leictreonach.
Creideann na Gardaí gur tugadh an cócaon go hÉirinn ar lastlong a tháinig as Meiriceá Theas.
Deir siad gur fear gnó is ea an té a gabhadh agus go bhfuil baint aige le coireacht eagraithe idirnáisiúnta agus le smuigleáil trasteorann in Éirinn le blianta fada.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ