Skip to main content

Irish News

 

Dúnmharú Patrick McVeigh: tús le héisteacht i dtriail saighdiúra

19 MARCH 2025, 13:37

Patrick McVeigh a lámhachadh agus a maraíodh i mBéal Feirste in 1972
X Facebook

I gcúirt i mBéal Feirste, cuireadh tús le héisteacht i gcás iarshaighdiúir in Arm na Breataine atá cúisithe i bhfear Caitliceach a dhúnmharú agus in iarracht a thabhairt ar cheathrar fear eile a dhúnmharú 53 bliain ó shin.

Lámhach agus mharaigh saighdiúirí Breataineacha ó aonad speisialta Patrick McVeigh, sibhialtach 44 bliain d'aois agus athair seisear clainne, i mBaile Andarsan in iarthar Bhéal Feirste ar an 12 Bealtaine 1972.

Bhí na saighdiuirí ón Military Reaction Force (MRF) i ngluaisteán nuair a scaoil siad le roinnt fear a bhí tagtha le chéile ag coirnéal sráide.

Maraíodh Patrick McVeigh agus gortaíodh ceathar eile san ionsaí.

Níor ainmníodh sa chúirt inniu an t-iarshaighdiúir atá cúisithe sa dúnmharú.

Ní thugtar air i gcáipéisí cúirte ach 'Saighdiúir F', ach ní hé an 'Saighdiúir F' céanna é atá cúisithe i ndúnmharú i nDoire Domhnach na Fola.

Bhí cás triúr iarshaighdiúirí eile ón MRF os comhair na cúirte inniu freisin – 'Saighdiúirí B, C agus D'.

In éineacht le 'Saighdiúir F', tá siadsan cúisithe in iarracht a dhéanamh ar bheirt fhear a dhúnmharú in ionsaí eile a rinneadh i mBéal Feirste an lá céanna a maraíodh Patrick McVeigh.

Cuireadh cás an cheathrair ar athló go dtí an 30 Aibreán.

Cé nár admhaigh na húdaráis é ag an am, bunaíodh an MRF i 1971 le hionsaithe sceimhlitheoireachta a dhéanamh ar Chaitlicigh le súil an bonn a bhaint de thacaíocht an phobail náisiúnaigh don IRA.

Cuid de straitéis frithcheannairce na Breataine a bhí ann ar cuireadh barr feabhais air roimhe sin sa Mhalae, sa Chéinia agus i dtíortha eile, agus atá luaite leis an nGinearál Frank Kitson go háirithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ