Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Na céadta maraithe ag Iosrael in Gaza

18 MARCH 2025, 14:13

Corp á thabhairt as an smionagar i gCathair Gaza, 18 Márta 2025
X Facebook

Tuairiscítear gur maraíodh 413 duine ar a laghad – leanaí ina measc – agus gur leonadh na céadta eile nuair a bhuamáil aerfhórsa Iosrael bailte ar fud Gaza i gcaitheamh na hoíche.

Scaoil scairdeitleáin na nIosraelach na saithí diúracán le cathair Gaza agus le hionaid eile i dtuaisceart na hiamhchríche; le Deir al-Balah ina lár; agus le Khan Younis agus Rafah sa deisceart.

Agus an chuid is mó de bhonneagar leighis Gaza nach mór scriosta ag na hIosrealaigh le beagnach ocht mí dhéag, tugadh coirp na marbh agus daoine a gortaíodh i ngluaisteáin chuig a bhfuil fanta d'ospidéil an limistéir atá ag feidhmiú ar éigean.

Tugadh 85 corp chuig trí cinn de na hotharlanna sin, mar atá, Ospidéal Nasser in Khan Younis, Ospidéal Al-Aqsa Hospital i lár Gaza agus Ospidéal Al-Ahly i gCathair Gaza.

Coirp á dtabhairt chun na reilige ó Ospidéal Al-Ahly i gCathair Gaza, 18 Márta 2025

I measc na marbh tá ceannaire an rialtais in Gaza, Essam al-Dalis, chomh maith le ceathrar comhaltaí sinsearacha eile de Hamas ar a laghad.

Maraíodh duine den cheathrar sin, a chlann agus a gharchlann ina dteach cónaithe i gCathair Gaza agus tuairiscítear gur maraíodh sé dhuine dhéag ó theaghlach eile in Rafah.

Níl sa mhóramas oíche ach a thús, a deir na hIosraelaigh, agus iad ag bagairt tuilleadh ionsaithe nó go scaoifidh Hamas saor 59 Iosraelach atá faoi choinneáil acu in Gaza.

Níl sé soiléir fós an gcaithfear i gcártaí an sos comhraic a bhí in ainm a bheith i bhfeidhm in Gaza ón 19 Eanáir nó an dtabharfar iarracht ar chodanna de a áireamh i socrú nua.

Áirítear beagnach 50,000 duine a bheith maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza le bliain go leith, gan trácht ar na coirp is dóichí atá faoi smionagar na bhfoirgneamh ar fad a leacaíodh ná ar an domhnaíocht daoine a gortaíodh.

É sin in éiric an mhórionsaí a rinne Hamas ar dheisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023 inar maraíodh 1,200 duine, sibhialtaigh a bhformhór.

Creidtear go bhfuil na hIosraelaigh ag tapú an tsléachta sin le súil na Palaistínigh a dhíbirt as Gaza go buan, go háirithe ó thug Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump le fios go mbeadh sé i bhfabhar a leithéid de bheart.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ