Tar éis bháis tá fear as Éirinn a bhí ina phíolóta sa mhórchath aeir dá ngairtear The Battle of Britain i 1940. Bhí John "Paddy" Hemingway ar an bpíolóta deireanach ón gcath sin a bhí fós ina bheatha.
105 bliain d'aois a bhí Paddy Hemingway agus bhásaigh sé inné i dteach altranais i mBaile Átha Cliath, a chathair dhúchais.
Chuaigh sé in aerfhórsa na Breataine i 1938 agus moladh go hard as a chumas cogaíochta le linn The Battle of Britain dhá bhliain ina dhiaidh sin. Bronnadh bonn an Distinguished Flying Cross air de bharr a ghaiscíochta.
Cath cosanta a bhí ann inar chuir píolótaí na Breataine an ruaig ar Luftwaffe na Gearmáine, ar chor cinniúnach é i mblianta tosaigh an Dara Cogadh Domhanda.
Dúirt Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer gur méala dó bás Paddy Hemingway agus rinne ceannasaí aerfhórsa na Breataine Rich Knighton comhbhrón lena theaghlach.
Ag ócáid in Ambasáid na Breataine i mBaile Átha Cliath anuraidh, dúirt Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann ag an am, Seán Clancy, gur chóir do mhuintir na hEorpa a bheith buíoch as na híobairtí a rinne daoine ar nós Paddy Hemingway ar a son.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ