Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear os comhair cúirte faoi dhamáiste coiriúil ag aerfort

18 MARCH 2025, 12:05

Críochfort 1, Aerfort Bhaile Átha Cliath
X Facebook

Tugadh fear 29 bliain d'aois os comhair cúirte agus roinnt cionta maidir le damáiste coiriúil a dhéanamh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath inné curtha ina leith.

Sin é Lukas Kaunietis, nach bhfuil seoladh seasta aige, a bhfuil sé curtha ina leith go ndearna sé damáiste coiriúil do mhaoin ag beár an Tap and Brew agus ag ceann de na geataí imeachta i gCríochfort 1 ag an aerfort.

Tá sé curtha i leith Lukas Kaunietis freisin go ndearna sé caint mhaslach agus go raibh sé á iompar féin go bagrach.

Cuireadh siar faoi choinneáil é agus tá sé le tabhairt os comhair cúirte arís Dé hAoine beag seo.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ