Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear tar éis bháis i gCo.Dhún na nGall de bharr taisme bóthair

17 MARCH 2025, 21:48

Cuid den bhóthar i Leitir Ceanainn dúnta ar feadh tamaill
X Facebook

Tá fear sna 60-idí tar éis bháis de bharr na ngortaithe a d'fhulaing sé i dtimpiste bóthair i gContae Dhún na nGall go moch ar maidin inniu.

Ba i Leitir Ceanainn a tharla an timpiste thart ar a 3 a'chlog ar maidin.

Tá an té a bhásaigh ainmnithe go háitiúil mar Anthony Gallagher.

Tá deartháir dá chuid, a bhí ag siúl in éineacht leis tráth ar tharla an timpiste gortaithe freisin.

Aistríodh é níos túisce ón ospidéal i Leitir Ceanainn chuig Ospidéal Ollscoil na Gaillimhe.

Deirtear go bhfuil seisean go dona tinn.

Gabhadh tiománaí an ghluaisteáin, fear atá díreach faoi bhun 20 bliain d'aois agus tá seisean anois á cheistiú ag na gardaí.

Tá an cás á fhiosrú freisin ag Ombudsman an Gharda Síochána (GSOC) mar de réir na dtuairiscí bhí cúpla focal idir é féin agus gardaí níos túisce oíche aréir.

Iarrtar ar dhaoine teacht chun cinn chuig na gardaí má tá aon eolas acu bainteach leis an timpiste.

Tá an Coiste Cróinéara ar an eolas freisin agus beidh scrúdú iarbháis á dhéanamh ar an chorp níos deireanaí inniu.

Mar chomhartha omóis don té a bhásaigh cuireadh Paráid na Féile Pádraig i Leitir Ceanainn ar ceal inniu.