Tá na sluaite ag teacht amach ar shráideanna na tíre agus ar fud an domhain inniu le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá na Féile Pádraig.
Is i lár chathair Bhaile Átha Cliath atá phríomh-pharáid anseo in Éirinn.
Thosaigh imeachtaí ansin ag meánlae agus chonacthas an pharáid ag déanamh a bealaigh síos Sráid Uí Chonaill chomh fada le bun Shráid Chaoimhín.

Tionóltar paráideanna sna cathracha eile freisin ar an oileán seo.
Agus marcáileann nach mór gach aon bhaile agus sráidbhaile an ócáid chomh maith ar lá mór seo na nGael.
Tá roinnt paráideanna a bhfuil clabhsúr curtha leo cheana féin agus roinnt eile atá fós ar siúl.
Seo roinnt íomhánna atá againn de pharáideanna ag a bhfuil tuairisceoirí ann dúinn inniu.



Tá roinnt áiteanna a raibh a bparáideanna acu cheana féin an deireadh seachtaine saoire bainc seo, an ceann is suntasaí díobh sin is dócha i Londain.
Tráth é seo a dtugtar chun cuimhne ár bpatrún náisiúnta,Naomh Pádraig, an fear a bhfuil teacht na Críostaíochta go hÉirinn luaite leis.
Is é gnáthléamh na staire ar an scéal go raibh Pádraig anseo in Éirinn sa 5ú hAois, gur chraobhscaoil sé teachtaireacht Dé agus é i mbun sclábhaíochta cuid mhór agus gur bhásaigh sé ar an 17ú Márta timpeall ar 464.
Tá miotais ag dul leis an bhfear freisin, an ceann is cáiliúla gur dhíbir sé a raibh de nathracha nimhe sa tír.
Déarfadh go leor gur meafar na nathracha nimhe ach is críonna an té a thabharfadh cuntas cruinn maidir le gach ar tharla leo i ndáiríre.