Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Sláinte an Phápa ag dul chun donachta

22 FEBRUARY 2025, 22:37

Chuile shúil ag pobal na Róimhe agus áiteacha nach í go dtiocfaidh Proinsias slán
X Facebook

Tá slua daoine bailithe lasmuigh d'Ospidéal Gemelli sa Róimh anocht áit a dtuairiscítear sláinte an Phápa a bheith imithe chun donachta.

I ráiteas anocht deir an Vatacáin go bhfuil Proinsias fós meabhrach ach go bhfuil a anáil giorraithe go suntasach.

Tá ocsaigín á fáil go tréan ag an bhfear seo atá 88 bliain d'aois anois.

Deirtear go bhfuil Príomhfheidhmeanach na hEaglaise Caitlicí ag fáil aistriú fola freisin.

Beidh an Pápa Proinsias ag caitheamh a 9ú oíche anois san ospidéal ó fuair sé an diagnóis níos túisce sa tseachtain go raibh niúmóine dúbailte tolgtha aige.

Agus is cinnte nach bhfuil an tAthair Ró-Naofa slán ón gcontúirt anocht.

Don dara deireadh seachtaine as a chéile is trí théacs a thabharfar páidir Theachtaireacht an Aingil mar nach mbeidh ar chumas an Phápa féin dul i mbun craobhscaoilte.

Tá an Pápa tar éis 2 mhórobráid a bheith aige le 4 bliana anuas, ceann i 2021 agus ceann eile i 2023.

Tá an tuairimíocht láidir anois ann go mba fhéidir go n-éireoidh sé as a chuid cúramaí fiú má thagann sé slán ón rabharta tinnis seo.

Is mór í an fhreagracht do cheannaire spioradálta agus polaitiúil a dhéanann tréan iarracht treoir a thabhairt do thréad suas le 1.4 billiún Caitliceach go domhanda.

Rinne an Pápa Benedict amhlaidh i 2013.