Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Dioltas ag na Tiobradaigh i Staid Semple

22 FEBRUARY 2025, 21:41

Na Tiobradaigh buacach
X Facebook

Bhí bua suntasach ag Tiobraid Árann sa bhaile anocht in aghaidh Chorcaí sa tSraith Iomána Allianz.

Fuair imreoirí Liam Cahill a gcuid féin ar ais i Staid Semple anocht, áit ar theip siad go tubaisteach sa chraobh in aghaidh na foirne chéanna anuraidh.

Bhí an chéad leath teann gan ach pointe amháin idir na foirne ag leath am.

Bhí rith an ráis leis na Tiobradaigh sa dara leath agus léirigh siad ardchumas scile.

Ba léir gearradh níos mó a bheith fúthu ná a gcéillí comhraic agus beagán níos tapa go ginearálta ag fáil na seilbhe ar an liathróid.

Ag teannadh le deiridh fuair Tiobraid Árann 1-3 in imeacht 4 nóiméad, gan aon fhreagra ó Chorcaigh.

2-22 in aghaidh 1-21 a chríochnaigh sé.

Tá Tiobraid Árann ar bharr na Sraithe 1A anocht.

Is é mí Feabhra é, tá sé luath fós ach tá rabhadh tugtha ag Tiobraid Árann más aon slat tomhais a gcuid imeartha sa tSraith Allianz go dtí seo.

B'fhearr do na contaetha móra eile a bheith cuimhniú orthu féin sna míonna romhainn.