Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Éirinn buacach i gCaerdydd

22 FEBRUARY 2025, 20:46

Jack Conan ag scóráil an úid
X Facebook

Chuir siad allas sa dara leath ach d'éirigh leis na hÉireannaigh an lá a bhreith leo i gCaerdydd tráthnóna.

Ba 3 chic pionóis ó Sam Prendergast an difríocht ar deiridh.

27-18 an scór deiridh.

Aon duine a bhfuil séadairí istigh ina gcorp ag breathnú ar an gcluiche seo bíodh siad buíoch.

Aon duine nach bhfuil, seiceáileadh sé a chroí leis an dochtúir,

Mar bhí an dara leath thar a bheith teann agus ní le dua a d'éirigh le Éirinn teacht aniar aduaidh ar a gcéillí comhraic.

Níor tháinig aon driopás ar Éirinn sa dara leath

Scóráil an Bhreatain Bheag úd ag tús an dara leatha, agus bhí siad 8 bpointe chun cinn.

Bhí Éirinn taobh le 14 fear.

Ansin isteach le Bundi Aki i ndiaidh 50 nóiméad agus déarfadh go leor go raibh tionchar nach beag aige ar athrú an chluiche seo.

Is beag a cheapadh nach mbeadh bua éasca ag Éirinn inniu.

Tús maithe leath na hoibre a bhí ann dóibh i Staid an Principality.

Úd a slánaíodh a d'fhág iad 7-0 chun cinn ar an Bhreatain Bheag

Sin tar éis 7 nóiméad.

Jack Conan a chuaigh thar an line d'Éirinn.

Shlánaigh Sam Prendergast an scór, a chic ag dul idir na postaí.

Scóráil Prendergast ansin cic pionóis, 10-0.

Dan Sheehan ag brú chun cinn

Bhí a gcéad scór faighte ag an Bhreatain Bheag i ndiaidh 20 nóiméad imeartha, cic pionóis.

6 nóiméad ó leath am bhí 3 phointe eile ag na 'dragúin'.

D'eascair an chic píonóis sin as feall a rinne Garry Ringrose, fuair seisean cárta buí agus bosca an pheaca as a chuid trioblóidí.

Uasghrádaíodh an cárta buí sin go dearg agus fágadh Éirinn 20 nóiméad le 14 fear.

Bhí buachaillí Matt Sheratt ag feabhsú diaidh ar ndiaidh agus Éirinn ag cúlú de bheagán.

Ansin scór cinniúnach do na Breathnaigh Beaga, úd agus an leath nach mór thart.

D'fhág an slánú An Bhreatain Bheag 13, Éirinn 10 ag leath am.

Ansin scóráil An Bhreatain Bheag úd ag tús an dara leatha, Tom Rodgers an laoch dóibhsean agus ba dhearóil an scéal d'Éirinn.

Go dtí go dtáinig Bundi, fear Chonnacht isteach agus diaidh ar ndiaidh thug na hÉireannaigh ar ais.

Lena gceart a thabhairt dóibh, níor bhuail an driopás ceart riamh iad agus anois bhí 15 fear ar an bpáirc acu arís.

Scóráil Éirinn úd eile agus ansin chinntigh ciceanna píonóis (67,70 agus 87 nóiméad) ón bhfear sin Sam Prendergast go rachadh Éirinn chun cinn.

Níor scóráil na Breathnaigh ón 43ú nóiméad sa chluiche seo.

Ach bhí ar Éirinn a raibh acu de chumas a léiriú anseo inniu chun a bheith chun cinn ar deiridh.

Is leosan anois an Choróin Thriarach i ndiaidh dóibh Sasana agus Albain a chloí sa chomórtas roimhe seo.

2 chluiche eile atá le buachan anois acu don Chaithréim Mhór.

An Fhrainc i mBaile Átha Cliath faoi cheann coicíse an chéad chluiche mór eile.

Má bhuann siad sin, tá chuile sheans ag na hÉireannaigh an Chaithréim Mhór a thabhairt leo arís i mbliana.