Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Caithfidh pobal na Gaeilge insint don Rialtas céard atá uaidh'

22 FEBRUARY 2025, 21:01

Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i Loch Garman an deireadh seachtaine seo
X Facebook

Dúirt Uachtarán nuathofa Chonradh na Gaeilge go gcaithfí a bheith sásta labhairt amach faoi cheisteanna ina bhfuil an Ghaeilge ina gcroílár.

Bhí Ciarán Mac Giolla Bhéin ag labhairt in agallamh a rinne sé leis an gcraoltóir Máirín Ní Ghadhra ar an gclár raidió de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta,'An tSeachtain'.

An meangadh gáire i Loch Garman

Dúirt sé freisin go gcaithfeadh pobal na Gaeilge a bheith in ann a insint don Rialtas céard atá uaidh i leaba a bheith ag fanacht le scéala a fháil ó Thithe an Rialtais.

'Beidh mé ag iarraidh a bheith ag obair i mo ról nua' a dúirt sé 'le daoine atá fite fuaite sa gconradh agus leo siúd a bhfuil saineolas acu'.

Maíonn sé go 'dteastaíonn uaidh foghlaim óna saineolaithe sin agus ón dream a bhfuil taithí acu ar obair na heagraíochta'.

Leantar ar aghaidh inniu le himeachtaí Ard Fheis Chonradh na Gaeilge atá ar siúl i mbliana i mbaile Loch Garman.

Anocht ag ócáid speisialta bronnadh2 ghradam.

Fuair an t-iar Aire Rialtais Éamon Ó Cuív Gradam an Uachtaráin agus bronnadh an gradam d'oibrí deonacha náisiúnta na bliana ar an ghníomhaí pobail,Dónall Ó Cnáimhsí.

San aitheasc a thug Aire na Gaeltachta,Dara Calleary ag an Ard-Fheis aréir dúirt seisean go bhfuil súil aige go mbeidh fógra dearfach aige faoi Bhuiséad Fhoras na Gaeilge as seo go ceann roinnt seachtainí.

D'fhógair an tAire aréir go bhfuil €3.2m ceadaithe aige d'Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) le gur féidir tús a chur le athfhorbairt cheannáras Chonradh na Gaeilge i Sráid Fhearchair i lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Beifear ag glacadh le tairiscintí ar an obair mhór atá le déanamh ar an bhfoirgneamh ag Uimhir 6 an bhliain seo chugainn.