Ar deireadh thiar tá slán fágtha ag foireann dheisceart Bhaile Átha Cliath,Shamrock Rovers le comórtas Shraith Chomhdháil na hEorpa de chuid UEFA.
Ach a léithid d'aistear agus díbríodh ar deireadh iad leis an mbearna ba lú tar éis chiceanna píonóis.
Bíodh foireann na hIorua,Molde buíoch gur éirigh leo dul chomh fada leis na ciceanna éirice.
Bhí Rovers cúl chun cinn i ndiaidh an chéad chluiche eatarthu seachtain ó shin thall san Iorua.

Bhí cuma na maitheasa ar fhoireann Stephen Bradley i dTamhlacht aréir agus pobal na hÉireann ar fad dóchasach go ngabhfadh na 'hoops' abhóg eile chun cinn sa chomórtas, tráth nach mbeadh fágtha ach 16 foireann.
Déarfadh go leor gurbh fhearr i bhfad imreoirí Bhaile an Mhuilinn sa dara leath de chluiche na hoíche aréir i gcoinne chlub a bhí taobh le deichniúr sa leathuair deiridh.
Ach b'iad Molde an t-aon fhoireann a scóráil aréir laistigh de 90 nóiméad, cúl sách bog, rud a d'fhág an cluiche in am breise mar gur 1-1 a bhí ann leis an dá chluiche curtha san áireamh.
Tháinig Molde acu féin sna ciceanna éirice agus bhí siad rathúil i ngach iarracht.
Theip ar Rovers le cic amháin agus ba é sin an difríocht idir buachan agus cailliúint.
Ach ní haon chúis náire é don fhoireann a bhfuil a chaibideal staire féin scríofa aige le bliain anuas.

Ní dheachaigh aon fhoireann riamh roimhe seo ó Shraith League of Ireland chomh fada i gcomórtas de chuid UEFA.
'Sin údar mór bróid domsa agus do na himreoirí uilig' a dúirt an bainisteoir Bradley.