Tá an tAire Ealaíon Patrick O'Donovan le téarmaí tagartha an fhiosrúcháin faoi chaiteachas na Comhairle Ealaíon a chur faoi bhráid na Comhaireachta Dé Máirt seo chugainn.
Baineann an scéal leis an €7 milliún a chaith an Chomhairle Ealaíon ar chóras ríomhaireachta nach raibh aon rath air.
Ba é an tArd-Reachtaire Ciste agus Cuntas a tharraing aird ar an scéal a chéaduair.
Dúirt Patrick O'Donovan go raibh sé ar buile faoin gcaiteachas agus faoin bhfad a thóg sé é féin a chur ar an eolas faoi.
Thug sé le fios freisin go leagfaí amach sna téarmaí tagartha an fad a mhairfeadh an fiosrúchán agus go n-ainmneofaí na daoine a bheadh páirteach ann.
Mhaígh sé gur fiosrúchán cuimsitheach a bheadh ann agus gheall go ndéarfadh sé tuilleadh faoi a thúisce a thabharfadh an Chomhaireacht a mbeannacht dó an tseachtain seo chugainn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ