Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

350 oibrí le ligean chun siúil ag New Look in Éirinn

20 FEBRUARY 2025, 16:36

Tá 26 siopa ag New Look i bPoblacht na hÉireann
X Facebook

Tá 350 oibrí le ligean chun siúil ag an miondíoltóir faisin New Look atá le tarraingt amach as Poblacht na hÉireann.

D'iarr úinéirí New Look ar an Ard-Chúirt leachtaitheoirí sealadacha a cheapadh ar an ngnóthas agus ceadaíodh an t-iarratas sin inniu.

Dúirt an comhlacht go raibh airgead á chailleadh as éadan ag an ngnó mar gheall ar chomh "dúshlánach" agus a bhí an margadh faisin.

Dúradh freisin gur cuireadh an fhoireann oibre ar an eolas a luaithe a ceapadh na leachtaitheoirí sealadacha, Shane McCarthy agus Cormac O'Connor ó KPMG.

Tuigtear go bhfuil sé i gceist ag na húinéirí labhairt leis an bhfoireann arís as seo go ceann cúpla lá agus tús a chur le próiseas comhairliúcháin ina dhiaidh sin.

Tá 347 duine fostaithe ag New Look in 26 siopa ar fud an Stáit.

Siopaí beaga agus meánmhéide is ea a bhformhór agus dháréag nó mar sin ar an meán atá ag obair i ngach aon cheann acu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ