Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Iar-Easpag Chill Dalua Willie Walsh ar shlí na fírinne

20 FEBRUARY 2025, 14:48

Iar-Easpag Chill Dalua Willie Walsh
X Facebook

Tar éis bháis tá iar-Easpag Dheoise Chill Dalua Willie Walsh. Bhí sé 90 bliain d'aois.

Tuigtear gur cailleadh an tEaspag Walsh go tobann aréir ina theach cónaithe in Inis i gCo an Chláir.

Deirtear go raibh an tsláinte go maith ag an easpag tríd is tríd agus bhí sé i láthair ag Aifreann speisialta in Ardeaglais Inse le gairid lena bhreithlá a cheiliúradh.

Ba as Ros Cré i gCo Thiobraid Árann ó dhúchas Willie Walsh.

D'fhreastail sé ar Choláiste Fhlannáin in Inis, áit a raibh sé ina scoláire cónaithe, agus fuair sé léann sagairt i gColáiste Phádraig i Maigh Nuad ina dhiaidh sin.

Ina dhiaidh sin arís, chaith sé 25 bliain ag múineadh mata agus fisice i gColáiste Fhlannáin.

I 1994 a hoirníodh é mar Easpag Chill Dalua agus bhí an cúram sin air nó gur éirigh sé as in 2010.

An tEaspag Willie Walsh ag seoladh shuíomh gréasáin na gníomhaireachta pósta Accord in 2005

Gaeilgeoir ab ea Willie Walsh, agus chloistí agus d'fheictí é go minic ar an raidió agus ar an teilifís ar feadh mórán bliain.

Dúradh riamh faoi gur dhuine fial mánla ab ea é agus go deimhin ba é Cinéaltas Chríost an mana Easpagóideach a bhí aige.

Dúirt Easpag Chill Dalua Fionntán Ó Monacháin gur méala mór bás Willie Walsh don phobal.

Ba fear é Willie Walsh, arsa an tEaspag Ó Monacháin, a chuaigh i gcion thar an gcoitiantacht ar dhaoine eile.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ