Tá cead pleanála tugtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall don chomhlacht Vivo Shell stáisiún seirbhísí nua a thógáil ar shuíomh na tubaiste sa Chraoslach inar maraíodh deichniúr i mí Dheireadh Fómhair 2022.
Tá sé i gceist ag Vivo Shell an foirgneamh atá ann faoi láthair a leagan, foirgneamh nua a thógáil ina áit agus an suíomh a fhorbairt arís mar ionad gnó, ar nós mar a bhí sé roimh an tubaiste.
Teastaíonn ón gcomhlacht siopa, oifig phoist agus sciamhlann a oscailt san fhoirgneamh nua; pumpaí breosla a bhunú sa réamhchúirt; agus gairdín cuimhneacháin a lonnú ar an suíomh.
Fuair Comhairle Contae Dhún na nGall breis agus 30 aighneacht ó dhaoine a chuireann in aghaidh a bhfuil beartaithe ag Vivo Shell, áfach – teaghlaigh na ndaoine a maraíodh agus a gortaíodh sa tubaiste ina measc.
Dúirt teaghlach amháin go mbeadh sé drochmheasúil agus go ngoillfeadh sé go mór orthu dá dtógfaí ionad tráchtála ar shuíomh na tubaiste.

Maraíodh deichniúr – ceathrar fear, triúr ban agus triúr páistí – nuair a tharla pléasc ag an stáisiún seirbhísí sa Chraoslach ar an 7 Deireadh Fómhair 2022.
B'in iad Catherine O'Donnell agus a mac James Monaghan; Robert Garwe agus a iníon Shauna Flanagan Garwe; Leona Harper; Jessica Gallagher; James O'Flaherty; Martin McGill; Martina Martin; agus Hugh Kelly. Idir chúig bliana d'aois agus naoi mbliana déag is dhá scór a bhí na mairbh.

Tá na Gardaí ag fiosrú na tubaiste i gcónaí ach níltear cinnte fós cad ba chionsiocair leis an bpléasc.
Ina dhiaidh sin, táthar den bharúil go mb'fhéidir go raibh baint ag gás a sceith as píopa leis an tragóid.
Tá an dlíodóir Darragh Mackin ó Phoenix Law ag gníomhú ar son theaghlaigh sheachtar de na mairbh agus thug sé le fios inniu go raibh rún acu cur in aghaidh chinneadh Chomhairle Contae Dhún na nGall cead a thabhairt suíomh na tubaiste a fhorbairt as an nua.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ