Tá coirp cheathrar Iosraelach – beirt deartháireacha óga ina measc – tugtha ar láimh ag Hamas do Chumann na Croise Deirge in Khan Younis i ndeisceart Gaza. Máthair na leanbh agus fear 83 bliain d'aois an bheirt eile.
Naoi mí d'aois a bhí duine de na leanaí, Kfir Bibas, agus ceithre bliana a bhí a dheartháir Ariel nuair a fuadaíodh iad in éineacht lena máthair Shiri Bibas ó Kibbutz Nir Oz i ndeisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023.
Mhaígh Hamas an mhí dar gcionn gur maraíodh an triúr nuair a bhuamáil aerfhórsa Iosrael an áit a raibh siad faoi choinneáil.
Tuigtear go ndéanfar scrúduithe iarbháis ar na coirp in Iosrael le súil a dhearbhú cad ba thrúig bháis dóibh.
Fuadaíodh chomh maith athair na leanbh Yarden Bibas. Mhair seisean agus scaoileadh saor é i dtús na míosa seo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ