Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Fir ag iarraidh caidreamh collaí ar mhná óga in ionad cíosa'

19 FEBRUARY 2025, 17:56

'Fir ag tathant ar mhic léinn bhaineannacha caidreamh collaí a bheith acu leo'
X Facebook

Tugtar le fios i dtuarascáil a foilsíodh inniu go bhfuil deacrachtaí móra ag mic léinn ón iasacht lóistín cuí a fháil ar cíos.

Cuir i gcás, de réir a bhfuil sa tuarsacáil ó Chomhairle na hÉireann do Mhic Léinn Idirnáisiúnta, is minic a iarrann fir caidreamh collaí ar mhic léinn bhaineannacha in áit cíos a íoc, nó de bhreis ar chíos laghdaithe.

Tá sé de dhánacht ag cuid de na fir a mianta a chur in iúl i bhfógraí ar líne agus iarraidh ar mhná óga iad a bheith mar chéile leapa acu.

Níl sa mhíchuibheas sin ach ceann de na deacrachtaí a tháinig chun solais de réir suirbhé a rinneadh i measc mhic léinn as 64 tír.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuiltear ag teacht i dtír ar mhic léinn atá ar bheagán airgid – idir fhir agus mhná – ar an iomad slí eile.

Mar shampla, is minic a bhuaileann cneámhairí bob ar mhic léinn agus a chuireann siad in luí orthu éarlais a chur in áit chónaithe nach bhfuil ann.

Ina cheann sin, deirtear go bhfuil go leor de na hárais chónaithe atá ar an margadh faoi bhun caighdeáin agus maítear gur minic a bhrúitear an iomarca daoine isteach in áit agus gan de rogha acu ach cónaí i mullach a chéile.

Bhí leath de na mic léinn a ghlac páirt sa suirbhé ag roinnt seomra leapa le duine eile agus bhí an cúigiú cuid díobh ag roinnt seomra leapa le beirt eile nó níos mó.

Príomhfheidhmeannach Chomhairle na hÉireann do Mhic Léinn Idirnáisiúnta, Laura Harmon, d'achainigh sí ar an Rialtas inniu reachtaíocht nua a thabhairt isteach gan mhoill le dul i ngleic leis na deacrachtaí sin ar fad agus dúirt go raibh a leithéid geallta ag an Rialtas cheana.

Mar sholaoid ar an ngá atá le reachtaíocht nua, arsa sí, dúirt cuid de na mic léinn a ghlac páirt sa suirbhé nach ndearna siad gearán leis Gardaí faoin drochíde a tugadh dóibh mar nár thuig siad cé na cearta a bhí acu mar eachtrannaigh in Éirinn.

Dúirt cuid eile fós gur chreid siad nárbh fhiú gearán a dhéanamh mar nach ndeanfaí dada faoi, dar leo.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ