Dúirt cathaoirleach Choiste Gnóthaí Eachtracha Sheanad na Stát Aontaithe gur chóir d'Éirinn níos mó airgid a chaitheamh ar cháblaí cumarsáide idirnáisiúnta faoin bhfarraige a chosaint.
Mhaígh an Seanadóir Jim Risch ón bPáirtí Poblachtach go raibh Éire suite in áit straitéiseach agus go raibh freagracht shuntasach ar an tír seo i leith na gcáblaí idirnáisiúnta dá bhíthin sin.
75% de cháblaí cumarsáide na leathchruinne thuaidh, téann siad tríd an tír seo nó i ngaireacht di agus táthar amhrasach faoina shláine ar ionsaí atá siad.
Táthar imníoch go háirithe faoi inlíochtaí Chabhlach na Rúise amach ó chósta thiar theas na hÉireann.
Caitheann an tír seo 0.2% dá holltáirgeacht intíre ar chúrsaí cosanta, an méid is lú san Eoraip.
Tá sé tugtha le fios ag an Rialtas go bhfuiltear le €1.35 billiún a chaitheamh ar chúrsaí cosanta i mbliana, an méid is mó riamh, agus go gcaithfear níos mó fós an chéad bhliain eile.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ