Tá neamhshuim déanta ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump de chlamhsán Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky maidir leis na comhráite atá ar bun faoi dheireadh a chur leis an gcogadh sa tír sin.
Tá na hÚcránaigh thar a bheith míshásta gur fágadh as an áireamh iad sna comhráite síochána a bhí ar bun idir na Stáit Aontaithe agus an Rúis san Araib Shádach inné.
Dúirt Trump go neamhbhalbh go raibh díomá air go raibh na hÚcránaigh ag ceasacht ar a gcinniúint agus dealraíonn sé óna chuid amhlabhra gur chuir sé an milleán faoin gcogadh orthusan.
D'fhreagair Zelensky agus dúirt go raibh Trump faoi gheasa ag mífhaisnéis.
D'aisfhreagair Trump agus dúirt seisean gur deachtóir ab ea Zelensky nár ghair olltoghchán san Úcráin.
Rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin trí bliana go ham seo agus áirítear na céadta míle duine a bheith maraithe – idir shaighdiúirí agus shibhialtaigh – de bharr na cogaíochta ó shin.
Más comhartha ar bith caint Trump, is cosúil go bhfágfar na hÚcránaigh as an áireamh san am le teacht freisin agus go bhféadfaí teacht ar chomhaontú gan aon bheann ar a bhfuil uathusan ná ó thíortha eile san Eoraip.
Go deimhin, mhaígh Trump go raibh sé níos dóchasaí anois faoi chomhaontú síochána i bhfianaise ar tháinig as na comhráite inné.
Thug sé le fios freisin go mb'fhéidir go dtiocfadh sé féin agus Uachtarán na Rúise Vladimir Putin le chéile roimh dheireadh na míosa seo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ