Cuireadh i gcré na cille i dtuaisceart Chorcaí inniu an marcach óg Michael O'Sullivan a bhásaigh san ospidéal ar maidin Dé Domhnaigh seo caite, trí lá tar éis dó titim dá chapall ag ráschúrsa Dhurlais i gCo Thiobraid Árann.
Ag an Aifreann Éagnairce i Séipéal Eoin Baiste sa Ghleanntán, siar ó Mhala, dúirt an sagart paróiste an tAthair Gerard Coleman go raibh saol iomlán caite ag Michael O'Sullivan in ainneoin nach raibh sé ach ceithre bliana fichead.
Bhí ciall roimh aois aige agus bhí an-tuiscint aige ar dhaoine agus ar chapaill, a dúirt an tAthair Coleman.
Sin an fáth a raibh gnaoi mhuintir na hÉireann air, arsa an sagart.

Sular cuireadh tús leis an Aifreann, labhair athair an mharcaigh leis na sochraidigh.
Dúirt William O'Sullivan go raibh an teaghlach an-bhródúil as Michael agus as a raibh bainte amach aige i gcaitheamh a shaoil.
Ghabh sé buíochas leis na seirbhísí éigeandála agus leis an bpobal ar fad as tacú leis an teaghlach ó tharla an tubaiste.
I measc na dtabhartas a tugadh chun na haltóra i gcuimhne Michael, bhí a fhuip, a gheansaí CLG Chill Seanaigh, a theastas ollscoile, a spéaclaí gréine, eochracha a ghluaisteáin agus grianghraif éagsúla.
I ndiaidh an Aifrinn, adhlacadh Michael O'Sullivan i Reilig Eoin Baiste sa Ghleanntán.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ