Tá caint ar na rialacha pleanála a leasú maidir le cábáin agus teachíní modúlacha a thógáil i ngairdíní cúil le dúil an ghéarcheim tithíochta a mhaolú beagán.
Faoi láthair, is féidir síneadh suas le 40 méadar cearnach a chur le teach gan é a chur i gcead an údaráis áitiúil. Más teachín as féin atá i gceist, áfach, ní mór cead pleanála a fháil lena aghaidh.
Tuigtear go bhfuil an tAire Stáit sa Roinn Tithíochta, John Cummins, ag cuimhneamh ar an riail sin a leasú agus ligean do dhaoine teachíní modúlacha suas le 40 méadar cearnach a thógáil i ngairdíní cúil gan cead pleanála.
Bheifí ag súil gur daoine óga atá in aontíos lena muintreacha i gcónaí, gurbh iad ba mhó a bhainfeadh tairbhe as an aon athrú. Céimín suas sa saol a thabhairt dóibhsean thar aon dream eile, is é is aidhm don mholadh, de réir dealraimh.
Níltear ach ag manaois leis an tseift, áfach, agus níl an scéal ach ina thús go fóill.
Tá an tAire Stáit le hiarraidh ar Ranna Rialtais eile aighneachtaí maidir leis an gceist a chur faoina bhráid sula rachfar i gcomhairle leis an bpobal, má rachfar.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ