Tá diúltaithe ag an Taoiseach Micheál Martin a leithscéal a ghabháil le Ceannaire Shinn Féin Mary Lou a dúirt gur chuir an Taoiseach ina leith an tseachtain seo caite go raibh sí ag inse bréaga sa Dáil.
Dúirt an Taoiseach nach féidir leis "ráiteas nach ndearna mé a tharraingt siar."
Dúirt Micheál Martin an méid seo i litir chuig an Cheann Comhairle Verona Murphy inné agus a chuir leabharlann Thithe an Oireachtais ar fáil tráthnóna.
D'úsáid an Taoiseach Micheál Martin an nath Gaeilge "ag insint bréaga" le linn dó féin agus Mary Lou McDonald a bheith ag caitheamh spallaí le chéile faoi pholasaí tithíochta an Rialtais i linn Cheisteanna na gCeannairí.
D'iarr Sinn Féin air a ráiteas a tharraingt siar mar nach raibh aon bhunús leis agus gur sháraigh an chaint Alt a 422 de Bhuan-orduithe na Dála, a dúirt siad.
Ina litir chuig an Cheann Comhairle chosain an Taoiseach a chuid cainte arís eile agus dúirt nár sháraigh a ráiteas buan-orduithe na Dála go teicniúil.
Chuir an Taoiseach "fímíneacht" i leith Shinn Féin sa litir agus dúirt gur chuir baill den pháirtí sin na leith féin roimhe seo gur inis sé bréaga.