Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Iar-leasphaiteolaí Stáit ciontach as mí-iompar gairmiúil

18 FEBRUARY 2025, 17:03

Reachtáil an Chomhairle fiosrúchán maidir le dhá scrúdú iarbháis a rinne an Dr. Khalid Jaber
X Facebook

Fuarthas iar-leasphaiteolaí de chuid an Stáit ciontach as mí-iompar gairmiúil maidir le "mór earraidí" i dtorthaí scrúduithe iarbháis dá chuid i dhá chás.

Dúradh go bhféadfadh sé go déanfaí daoine a chiontófaí nó a éigiontú go héagórach as dúnmharú de bharr mhí-iompair an Dr. Khalid Jaber sa dhá chás.

Rialaigh coiste Inniúlacht ar Chleachtadh Chomhairle na nDochtúirí Leighis gur cruthaíodh trí cinn de líomhaintí maidir le mí-iompar gairmiúil agus droch fheidhmiú gairmiúil in aghaidh Khalid Jaber de thoradh fiosrú leighis a reachtáladh thar shé lá idir Deireadh Fómhair 2024 agus Eanáir 2025.

Bhí an Dr. Jaber ina leasphaiteolaí Stáit idir 2009 agus 2013 nuair a d'éirigh sé as i ndiaidh easontais leis an Phríomh Phaiteolaí Marie Cassidy.

Mhaígh an Dr. Jaber go raibh na gearáin a rinneadh leis an Chomhairle maidir lena chuid oibre ar dhá chás dúnmharfa níos mó ná deich mbliana ó shin "mailíseach" agus go raibh "bunús ciníoch" leo agus cheistigh sé cáilíochtaí a chuid iarchomhghleacaithe.

Bhain na líomhaintí ina aghaidh le torthaí scrúduithe iarbháis agus le fianaise a thug sé i dhá chás sa Phríomhchúirt Choiriúil - thit cás amháin as a chéile agus cuireadh ciontú dúnmharfa ar neamhní mar gheall ar fhianaise an phaiteolaí.

Cuireadh imní faoi iompar an Dr. Jaber in iúl don Ollamh Marie Cassidy chomh maith leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus an Roinn Dlí is Cirt.

Gearán a rinne an leasphaiteolaí Stáit san am, an Dr.Curtis leis an Comhairle i 2015 a ba chúis leis an fhiosrúchán. Léirigh seisean imní maidir le "hiompar míréasúnta agus in amanta aisteach," an Dr Jaber.

Cuireadh imní faoina iompar in iúl don Ollamh Marie Cassidy freisin, chomh maith leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus an Roinn Dlí is Cirt.

Dúirt an Dr. Curtis leis an fhiosrúchán go mbeadh imní air faoi fhianaise an Dr. Jaber a bheith á tabhairt do chúirt sa Stát seo ach gur mheasa go mór é i bhfianaise go dtuigeann sé go bhfuil an Dr. Jaber anois i ndlínse ina bhfuil pionós an bháis i bhfeidhm.

Dúradh leis an fhiosrúchán gur beag teagmhála a bhí ag an Dr. Jaber atá 66 bliain d'aois agus a bhfuil cónaí air anois sa Mheán Oirthear, le Comhairle na nDochtúirí Leighis ó bhí 2018 ann.

Dúirt cathaoirleach an fhiosraithe Mary O'Sullivan gur fhan an Dr. Jaber ar shiúl ó imeachtaí an fhiosraithe "dá dheoin féin agus d'aon turas."

Léirigh comhfhreagras a cuireadh ar fáil don fhiosrúchán go raibh cloch sa mhuinchille ag an Dr. Jaber dá iarchomhghleacaithe in Oifig an Phaiteolaí Stáit agus go dtug sé "dríodar gairmiúil" ar chuid acu.

Sa litir chéanna dúirt sé go raibh siad "neamhcháilithe," "mífheidhmiúil," "cam" agus "gan mhaith ina ngairm."

Dúirt an tAbhcóide sinsir ar shon na Comhairle Ronan Kennedy go gcuirfear aighneacht scríofa i láthair an choiste maidir leis an phionós is ceart a chur ar an Dr. Jaber.

Cuirfidh an coiste a moltaí maidir le pionós chuig an Chomhairle nuair a bheidh deis ag an Dr. Jaber a thuairim a nochtadh futhú.