Tá beirt fhear tar éis pléadáil ciontach sa Chúirt Choiriúil Speisialta maidir leis an ghabháil cócaoin is mó i stair an Stáit.
Phléadáil Saeid Hassani, 39 bliain d'aois, as an Iaráin agus Harold Estoesta, 31 bliain d'aois, as na hOileáin Fhilipíneacha ciontach inniu as cócaon a bheith ina seilbh le díol nó le soláthar ar bord an Matthew.
Bhí lasta 2.2 tonna den druga cócaon arbh fhiú €157m é ar bord na loinge a bhí cláraithe i bPanama nuair a chuaigh baill de Fhianóglaigh an Airm ar bord uirthi i Meán Fómhair 2023.
Bhí Hassani agus Estoesta ar an bheirt dheireanacha de ochtar a cúisíodh maidir leis an ghabháil.
Phléadáil an seisear eile ciontach sular cuireadh tús lena dtriail sa Chúirt Choiriúil Speisialta.
Dúirt an tabhcóide sinsir Sean Guerin ar shon Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí, go raibh glacadh ag an Stiúrthóir leis an phléadáil ó Hassani agus Estoesta "ar bhonn fíricí iomlána."
Chuir an Breitheamh Melanie Greally an bheirt fhear siar faoi choinneáil go dtí an 24 Feabhra nuair a shocrófar dáta dá n-éisteacht pianbhreithe.
Níos luaithe an mhí seo phléadáil ceathrar fear ciontach i gcúiseanna den chineál céanna.
Phléadáil Mykhailo Gavryk, 32 bliain d'aois agus Vitaliy Vlasoi, 32 bliain d'aois, as an Úcráin, chomh maith le Soheil Jelveh, 51 bliain d'aois as an Iaráin, agus an náisiúnach Ollannach Cumali Ozgen, 49 bliain d'aois ciontach as na cúiseanna.
Phléadáil Vitaliy Lapa, 62 bliain d’aois as an Úcráin agus Jamie Harbron, 31 bliain d’aois as Billingham i dtuaisceart Shasana, ciontach freisin as iarracht a dhéanamh cócaon a bheith ina seilbh le díol nó le soláthar idir 21-25 Meán Fómhair 2023 maidir leis an lastas céanna.
Dúradh leis an chúirt cé go raibh an soitheach lastais Matthew ag seoladh faoi bhratach Phanama, gur le comhlacht darbh ainm 'Symphony Marine' i Dubai í. D'fhág an long Curacao, oileán amach ó chósta Veiniséala agus sheol sí trasna an Atlantaigh isteach in uiscí teorann na hÉireann.
Dúradh sa chúirt go léireodh an fhianaise go ndearna an long iarracht éalú ó na húdaráis ach gur lean an long faire cabhlaigh LE William Butler Yeats "sna sála í" go dtí go ndeachaigh baill de Fhianóglaigh an Airm ar bord le cabhair ón Aerchór agus gur ghlac siad seilbh uirthi.