Iarrfar ar cheardchumainn a dhéanann ionadaíocht ar 27,000 oibrí míchumais in eagraíochtaí deonacha agus pobail agus nach raibh san áireamh sa chomhaontú pá is déanaí, páirt a ghlacadh gan mhoill i gcainteanna maidir lena gcoinníollacha oibre.
Cuirfidh an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionnanais Norma Foley a chuirfidh an plean faoi bhráid an Rialtais.
Mar chuid de Chlár an Rialtais tá gealltanas ann "dul chun cinn a dhéanamh maidir le ceisteanna pá a bhfuil tionchar acu ar sheirbhísí míchumais agus ar inmharthanacht fhadtéarmach eagraíochtaí san earnáil."
Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a thugann maoiniú do go leor de na heagraíochtaí seo faoi Alt a 39 den Acht Sláinte ach ní dhearctar ar na hoibrithe mar sheirbhísigh poiblí agus dá réir sin níl siad i dteideal shocrú pá na hearnála poiblí.
Is carthanachtaí agus gníomhaireachtaí faoi úinéireacht phríobháideach iad na heagraíochtaí faoi Alt a 39 a bhfuil conradh acu leis an Stát le seirbhísí cúraim sláinte a chur ar fáil.
Níl aon tagairt do oibrithe Alt 39 i gClár an Rialtais.
Níos luaithe an mhí seo d'fhógair an ceardchumann SIPTU go n-iarrfadh siad ar suas le 5,000 ball dá gcuid i 21 eagraíocht de chuid Alt 39, vóta a chaitheamh maidir le gníomhaíocht stailce faoi cheist an phá.