Tá daichead a sé árasán i gceathrú Google ag Muilte Uí Bheoláin i mBaile Átha Cliath le cur ar fáil do oibrithe bun-riachtanacha mar ghardaí, altraí agus múinteoirí.
Ligfear na hárasáin ar cíos ar chostas suas le 36% níos ísle ná an ráta margaidh.
Beidh 32 árasán dhá sheomra ar fáil ag cíos €1,710 in aghaidh na míosa; 10 n-árasán trí sheomra ag €1,850 sa mhí agus árasán mór amháin aon seomra ag €2,100 sa mhí.
Tuigtear le hoibrí riachtanach fostaí a chuireann seirbhís rí-thábhachtach ar fáil do phobal an cheantair nó don phobal go ginearálta, go háirithe sna réimsí sláinte, oideachais, iompair, dlí is cirt, bonneagair agus sábháilteacht pobail.
Caithfidh iarrthóirí a bheith ábalta a gceangal leis an cheantar a chruthú trína thaispeáint gur rugadh agus gur tógadh sa cheantar iad, go bhfuil cónaí orthu ann le ar a laghad cúig bliana agus/nó go bhfuil siad ag obair sa cheantar.
Ciallaíonn an ceantar áitiúil raon 1.5 ciliméadar ó Mhuilte Uí Bheoláin.

Is leis an chomhlacht Google an talamh agus na hárasáin agus roghnaigh siadsan an eagraíocht thithíochta Clúid mar chuid de phróiseas iarratais leis na 46 árasán a ligean agus a bhainistiú.
D'aistrigh Google na hárasáin chuig Clúid ar léas 25 bliain ar shon táille ainmniúil íseal.
Coinneoidh Clúid na cíosanna a bhaileoidh siad chun íoc as bainistiú na n-árasán.
Is i bhfoirgneamh oidhreachta athchóirithe agus i bhfoirgneamh nuathógtha i Sráid na Bearú i mBaile Átha Cliath a 4 atá na háitrimh tógtha.
Fógrófar na hárasáin ón lá amárach an 19 Feabhra amach agus beidh coicís ag daoine le hiarratas a dhéanamh orthu.