Tá príosún saoil gearrtha ar fhear, 38 bliain d'aois, as dúnmharú Gareth Hutch – nia le Gerard Hutch – i 2016. Bhain an dúnmharú leis an achrann idir bhuíon choirpeach Hutch agus bhuíon choirpeach Kinahan.
Phléadáil Thomas McConnell – a bhfuil seoladh aige i nGairdíní Shaileoige i mBaile Munna– neamhchiontach sa Chúirt Choiriúil Speisialta i ndúnmharú Gareth Hutch ag Teach Avondale ar Shráid Cumberland Thuaidh ar 24 Bealtaine 2016.
Eiseachadadh Thomas McConnell ón Tuirc trí bliana ó shin chun cúis dúnmharaithe a chur ina leith agus chun é a chur ar a thriail. Ciontaíodh é i mbreis agus 100 coir eile roimhe seo.
Lámhachadh agus maraíodh Gareth Hutch ag 9.55am 24 Bealtaine 2016 nuair a bhí sé ag dul isteach ina charr taobh amuigh de bhloc árasán Avondale House i mBaile Átha Cliath.
Ba nia é le Gerard Hutch, atá i gceannas ar bhuíon choirpeach Hutch. Rith beirt fhear suas in aice le Gareth Hutch agus lámhachadh sa chloigeann é.
Thomas McConnell agus Jonathan Keogh a bhí mar ghunnadóirí ar an lá. Tá príosún saoil gearrtha ar Jonathan Keogh cheana as an dúnmharú, mar atá ar a dheirfiúr, Regina Keogh, agus Thomas Fox.
Is é Thomas McConnell an ceathrú duine atá ciontaithe maidir leis an dúnmharú.
Fuarthas sa Chúirt Choiriúil Speisialta go raibh dlúthbhaint aige le pleanáil agus le cur i gcrích an dúnmharaithe.
Taobh amuigh den Chúirt Choiriúil Speisialta inniu, dúirt máthair Gareth Hutch go raibh ceartas bainte amach ar son a mic.
"Bhris dúnmharú Gareth ár gcroí", a dúirt Vera Hutch taobh amuigh den chúirt.
Dúirt sí go raibh grá mór ag Gareth Hutch dá mhac, ach nach mbeadh sé ann lena mhac a fheiceáil ina dhuine fásta.
Dúirt na Gardaí a bhí i mbun an fhiosraithe go léiríonn an ciontú seo go bhfuil siad meáite ar choirpigh a ghabháil agus ar iad a chur ar a dtriail, fiú sa chás go dteitheann siad thar lear.