Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Craobh Peile na hÉireann ag an gCeathrú Rua

25 JANUARY 2025, 22:03

Imreoirí buacacha na Ceathrún Rua i bPáirc an Chrócaigh
X Facebook

Le Séamus Ó Scanláin

Is cinnte go mbeidh deoch á ól anocht Tí Phete Sé agus i dtithe tabhairne eile ar fud Chonamara ar Fhionnán Ó Conghaile.

B'eisean an fear a sciob cúilín an bhua ag deireadh na himeartha inniu i bPáirc an Chrócaigh agus a chinntigh gur ag peileadóirí na Ceathrún Rua ó Chonamara atá Craobh Sóisir Uile Éireann na gClub.

Stoirm Éowyn féin, ní dócha go mbrisfeadh sí an ghreim a bhí ag an gCeathrú Rua agus a gcéillí comhraic,Naomh Pádraig Uisce Chaoin ón Mhagh i gContae Dhún na nGall ar a chéile.

An gaisce déanta ag na himreoirí

I gcaitheamh an chluiche fíor-chrua seo bhí na fóirne ar chomhscór 6 uaire ar fad.

Bhí an chuma air gur mar sin a chríochnódh siad 4 nóiméad isteach in am cúitimh do ghortuithe nuair a rinne duine de na himreoirí ab óige ar an bpáirc laoch dhe féin.

Shílfeá go raibh an seans caillte ag Maitiú Ó Domhnaill ach d'éirigh leis an gCeathrú Rua seilbh a choinneáil ar an bpeil agus chinntigh Ó Conghaile a ainm in annála na staire go buan.

Agus ní ag déanamh beag is fiú dá chomhimreoirí atáim leis an ráiteas sin, buíon lúthchleasaithe a tharraing bród agus só-croí trína ngaisce ag Ceannceathrú Chumann Lúthchleas Gael an tráthnóna Satharn seo.

Laochra araon:Thug siad leo an lá a mhairfidh le pobal na Ceathrún Rua go brách

B'iad fir Dhún na nGall ba thúisce a scóráil a bhuíochas do Chaoimhín Ó Loingsígh agus bhí cuma na maitheasa orthu sa gcéad leath trí chéile.

Ba bheag spáis a tugadh do bhuachaillí Ghaeltacht Chonamara, aon seilbh a bhí acu bhí imreoirí Thír Chonaill sa mullach orthu mar a bheadh plá míoltóga beaga.

Bhí an Loingseach, Jonathan Toy agus Caomhán Mac Colgán ag cothú fadhbanna do leaideanna Chonamara agus ba bheag seans nár thapaigh siad.

Níorbh fhearacht sin é don Cheathrú Rua a chur an liathróid ar strae amach thar an líne cúil aon uair déag ar fad sa gcéad leath.

Mar sin féin, a bhuíochas do Mhyles Mac Donnchadha, an leathchúlaí láir a fuair sár-chúilín díreach roimh leath-am ní raibh ach an t-aon phointe amháin ann ag an mbriseadh.

Cé gur thosaigh an Cheathrú Rua go maith sa dara leath, iad ag dul ar chomhscór ach níorbh fhada arís go raibh siad 2 chúilín le fána.

Anois céard a déarfá le daeide

Bhí mí-ádh ar Mhyles Óg Mac Donnchadha nár aimsigh sé cúl, cuaille an phosta ag sábháil na gConallach.

Ach mar sin fhéin bhreathnaigh na Conallaigh níos mó ar a gcompórd, ní raibh imreoirí Chonamara ag socrú go hiomlán agus ba chosúil Uisce Chaoin ag feabhsú agus an dara leath ag sleamhnú leis.

Ansin thosaigh sciorta den imní ag roinnt leis an slua mór de mhuintir na Ceathrún Rua a tháinig an turas fada aniar.

Bhí Uisce Chaoin láidir sa mbealach a raibh siad ag dul i ngleic leis an gcomhraic, thar fóir ar uairimh mar a fuair Dara Jennings agus Iarfhlaith Ó Conchúir amach agus iadsan ag fulaingt buillí crua.

Bhi Fionnán Ó Conghaile ionspioráideach áfach, níor thúisce thoir ná thiar é agus diaidh ar ndiaidh tharraing an Cheathrú Rua ar chomhscór.

Anois bhí sé ina chluiche, comhscór 0-7 an taobh, ansin Páidí Mac Cormaic ag cur na Ceathrún Rua chun cinn ach ar ais le Naomh Pádraig agus comhscór 0-8 an taobh againn ag teannadh le deiridh.

Bhí am breise ag bagairt ach ní raibh an scriopt léite ag Fionnán Ó Conghaile agus chloisfeá na liúrtha agus gártha molta thiar ar an mBóthar Buí nuair a fuair sé cúilín an bhua.

Féadfaidh seaimpíní na Gaillimhe agus Chonnacht a bheith gaisciúil anocht mar go bhfuil Craobh Uile-Éireann anois acu ag dul siar thar an gCoirib.

Moladh mór don phainéal imreoirí uilig agus focal speisialta freisin ar ndóigh don bhainisteoir Mághnus Breathnach.

Nach geanúil a labhrófar anois ar fhear seo an Spidéil cúig mhíle dhéag siar an bóthar.

Táim cinnte freisin go maithfear aon chion a cuireadh ina leith riamh thiar ansin in aimsir a imeartha.