Bhí an t-ádh le lánúin i gContae Chiarraí a gcosa a thabhairt leo nuair a leag Éowyn binn a dtí go moch ar maidin inniu.
Sa leaba a bhí Jaro agus Ingrid Fagan nuair a chuala siad pléasc mór timpeall a 3 a'chlog.
B'amhlaidh a leag cóchanna láidre gaoithe an bhinn agus an slea-bhinn coincréide a bhí ar a bharra ar an teach i gCeann Trá i gCorca Dhuibhne.
Bhí an t-ádh leis an mbeirt, ón tSlóvaic ó dhúchas, gur amach a thit an t-ualach mar go raibh a seomra codlata buailte ar an mbinn a leagadh.
Bhí an garraí clúdaithe le smionagar ar maidin.
Deir Jaro Fagan go raibh sé an-scanrúil ar fad mar gheall ar an ndoircheacht agus an gála fós ag séideadh go láidir amuigh.
Ón tSlóváic don mbeirt ó dhúchas ach tá siad ag maireachtáil i gCorca Dhuibhne le roinnt bhlianta.
Tá siad ag fanacht le cairde anois.