'Stoirm ghéar gan chuimse', sin an cur síos atá déanta ag urlabhraí de chuid Bhord Soláthar an Leictreachais ar Éowyn a réab an tír seo le 12 uair a chloig anuas.
Breis is 725,000, idir thithe cónaithe,fheirmeacha agus ghnóluchtaí atá gan chumhacht aibhléise faoi láthair.
'Beidh cuid díobh ag fanacht píosa sula bhfaighidh siad cumhacht aibhléise ar ais' a deir an comhlacht.
Deir sé nach bhfaca sé riamh an oiread damáiste don ghréasán, 'i bhfad níos measa fiú ná stoirmeacha Darragh 2024 agus Ophelia i 2017'.
Tá an stádas dearg imithe anois, stádas flannbhuí i bhfeidhm den chuid is mó.
Tá foláireamh sioc agus sneachta ann do Chontae Dhún na nGall go dtí deireanach anocht.
Níl Tuaisceart Éireann tagtha slán ón doineann seo ach oiread.
Chuir Éowyn seirbhísí agus soláthairtí thrína chéile ansin freisin.
Tá suas le 250,000 teaghlach agus gnó ansin gan aon chumhacht aibhléise.