Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fadhbanna áirithe fós le seirbhísí iarnróid

24 JANUARY 2025, 16:47

Fadhbanna áirithe fós le seirbhísí iarnróid
X Facebook

'Tá cuid mhaith de na traenacha ag feidhmiú mórthimpeall na tíre anois i ndiaidh na stoirme' a deir Iarnród Éireann.

'Tá an mhoill ann i gcónaí áfach' a deir an comhlacht.

Ina theannta sin ní bheidh aon seirbhís isteach ná amach as stáisiúin na Gaillimhe,Chathair na Mart agus Bhéal Feirste go dtí amárach.

Tá crainn titithe ar an ráille traenach ar a bhfeidhmíonn an DART san oirthear agus seirbhísí moillithe go suntasach i Mullach Íde agus Baile an Bhóthair i mBaile Átha Cliath go háirithe.

Tá impleachtaí aige seo freisin don tseirbhís isteach agus amach as Ros Láir i Loch Garman.