Tá chuile chosúlacht air go bhfuil an chuid is measa de Stoirm Éowyn thart, ach mura bhfuil damáiste déanta castar linn é.
Níl roimh phobail agus oibrithe anois ach an glanadh suas.
Idir chrainn,cháblaí leictreachais agus fhoirgnimh a bheith buailte go holc nó leagtha go hiomlán beidh neart le déanamh sna laethanta romhainn.
'Sábháilteacht an phobail anois an phríomhaidhm atá ann i gcónaí' a deir an Grúpa Comhordaithe na hÉigeandála Náisiúnta 'agus ní foláir do thiománaithe agus oibrithe amuigh faoin aer a bheith cúramach i as seo go tús na seachtaine seo chugainn'.
Tá criúnna de chuid na gcomhairlí cathrach agus contae chomh maith le eagraíochtaí eile amuigh faoi láthair i mbun cóirithe sna háiteanna a bhfuil sé sábháilte sin a dhéanamh.
Ní broidiúlacht amháin ar ndóigh a réiteoidh an scéal seo, caithfear faraor dul domhain sa bpóca freisin i gcásanna áirithe.