Bhí an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) ag moladh do thiománaithe gan taisteal inniu ar chor bith dá mba fhéidir sin a sheachaint.
Bhí David Martin ón eagraíocht ag caint ar chlár raidió de chuid RTÉ ar maidin ag rá go mbeadh stádas oráiste ar a laghad ag contaetha cuid mhaith den lá inniu.
'Beidh smionagar ar na bóithre, beidh crainn agus línte cumhachta leictreachais titithe sa mbealach, cothóidh sin cuid mhór fadhbanna' a dúirt sé leis an láithreoir Claire Byrne.
Faoin 11 a'chlog ar maidin ní raibh an Stádas Dearg i gceist ach i gcás 4 chontae.
B'iad sin Liatroim,Maigh Eo, Sligeach agus Dún na nGall.
D'fhág sin go raibh seirbhísí an chórais iompair phoiblí ar ais i bhfeidhm más go mall féin é sna contaetha nár dhearg dóibh.
Agus ainneoin na stoirme móire is díol suntais an líon eitiltí ar éirigh leo talamh na hÉireann a fhágáil ar maidin as Aerfoirt Bhaile Átha Cliath,Chorcaí agus na Sionainne.
Bíodh sin mar atá, cuireadh breis is 200 eitilt ar ceal in Aerfort Bhaile Átha Cliath luath ar maidin inniu.
Mar a bheifeá súil buaileadh córais na mbusanna agus na dtraenacha sách tréan inniu freisin.
Tá roinnt seirbhísí traenach nach bhfeicfidh solas an lae go dtí amárach ar a thúisce.
Díol bróid do Bhus Bhaile Átha Cliath go bhfuil breis is 90% dá chuid seirbhísí ar ais aige tráthnóna.