Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'D'fhéadfadh áiteanna áirithe a bheith buailte seachtain'-BSL

24 JANUARY 2025, 14:41

An stoirm i mBaile Átha Cliath
X Facebook

Tá sé ráite ag Bord Soláthar an Leictreachais (BSL) go bhféadfadh roinnt daoine a bheith ag fulaingt go ceann seachtaine d'uireasa na cumhachta aibhléise.

'Ní fhacthas a léithid seo riamh ó tosaíodh ar thaifead' a deir sé.

Tá criúnna leis an mbord ag dul amach de réir a chéile nuair a cheadaíonn an chomhairle aimsire dóibh sin a dhéanamh.

Tá stádas dearg i gcuid mhaith contaetha ar maidin.

Tá Gaillimh ar cheann díobh; Ceann Mhása i gConamara a raibh luas 183 ciliméadar faoin ngaoth ar uairimh moch ar maidin inniu.

Seo curiarracht de réir thaifead Met Éireann;taifeadadh 182 ciliméadar i gContae Luimnigh ach b'shin 80 bliain ó shin.

Mar eisceacht ar an dearg tá Ceatharlach,Corcaigh,Ciarraí,Cill Chainnigh, Port Láirge, agus Loch Garman atá ar stádas níos ísle faoi láthair.