Tá talamh na hÉireann bainte amach ag Stoirm Éowyn ó aréir agus ní i ngan fhios don saol é.
Deir saineolaithe agus na húdaráis éagsúla go bhfuil contúirt mhór inti i bhfianaise an damáiste a rinne sí thar oíche do mhaoin agus sealúchas.
Níos measa ná sin é, tá baol nach beag ag baint léi freisin do shábháilteacht an duine.
Taifeadadh siotaí gaoithe in áiteanna éagsúla thar oíche, cuid díobh sa bhreis ar 100 ciliméadar san uair.
Fágann an doineann agus an drochaimsir seo an tír ar fad i réimse an stádais dheirg, an grád is airde ó thaobh na haimsire geimhriúla.
Tá an chumhacht aibhléise as feidhm ar bhreis is 700,000 idir theaghlaigh agus lucht gnó de réir na bhfigiúirí ó Bhord Soláthar an Leictreachais (BSL).
Deirtear nach ndearna aon stoirm riamh sa tír an oiread sin damáiste don chóras.
Tá BSL ar a dhícheall ag iarraidh cúrsaí a chur ina gceart arís.
Tá seirbhísí leathbhanda buailte freisin chomh maith leis an gcóras uisce.
Maidir le taisteal, tá bóithre contúirteach agus cuid mhaith de na seirbhísí poiblí as feidhm.
Tá achainí déanta ag an Taoiseach agus ag an Tánaiste ar an bpobal a bheith cúramach agus gan an teach cónaithe a fhágáil mura bhfuil géarghá leis.
De réir thuar na haimsire maolóidh an doineann faoi thráthnóna.
Ní hé sin le rá nár chóir a bheith cúramach faoin tráth sin freisin a deir na húdaráis.
Tógfaidh sé tamall maith eile an scrios atá déanta a leigheas.
Tá Tuaisceart Éireann buailte freisin ar ndóigh; suas le 100,000 gan aon chumhacht leictreachais ar maidin.