Tá dhá fholáireamh gaoithe fógartha ag Met Éireann agus stoirm mhór ag tarraingt ar an tír ar fad Dé hAoine beag seo.
Foláireamh dearg atá fógartha i gCo an Chláir, i Luimneach, i gCiarraí agus i gCorcaigh, áit a gceaptar go ndéanfar go ndéanfar an díobháil is mó.
Tiocfaidh feidhm leis an bhfoláireamh dearg ag 3 a chlog ar maidin Dé hAoine agus tiocfaidh deireadh leis ag 10 a chlog an mhaidin sin.
Foláireamh flannbhuí atá fógartha sa chuid eile den tír.
Tiocfaidh feidhm leis an bhfoláireamh flannnbhuí ag 2 a chlog ar maidin Dé hAoine agus tiocfaidh deireadh leis ag 5 a chlog tráthnóna Dé hAoine.
Deir na meitéareolaithe go bhféadfadh siotaí láidre gaoithe scrios a dhéanamh ar fud na tíre agus go mb'fhéidir go leagfaí crainn agus go ngearrfaí an chumhacht in áiteanna.
Measann siad go mbeidh luas 130 ciliméadar san uair ar a laghad faoin ngaoth in amanna.
'Éowyn' atá baiste ar an stoirm ag meitéareolaithe in Éirinn, sa Bhreatain agus san Ísiltír.
Tá coiste ó na trí thír sin ag cur ainm ar stoirmeacha ó 2019.
Meitéareolaithe ón tír is mó a cheaptar a bheas thíos leis a roghnaíonn an t-ainm – an Bhreatain sa chás seo.
Is cosúil gur ón úrscéal fanstaisíochta The Lord of the Rings le JRR Tolkien a fuarthas an t-ainm 'Éowyn'.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ