Scaoileadh saor gan aon chúis a chur ina leith beirt fhear sna fichidí agus sna daichidí a bhí á gceistiú ag Gardaí a bhfuil dúnmharú fir i mBré i gCo Chill Mhantáin á fhiosrú acu.
Fuarthas corp William Moorehouse, a bhí 36 bliain d'aois, i gclós súgartha i mBaile Bhaltraim ar cholbha theas Bhré go gairid tar éis 6 a chlog tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite.
Is cosúil gur sádh é roinnt uaireanta.
An bheirt fhear a scaoileadh saor, gabhadh iad i mBré oíche Dé Luain agus is á gceistiú faoi chionta in aghaidh an oird phoiblí a bhí siad.
Deir na Gardaí go bhfuil ceathrar eile a ghabh siad inné fós á gceistiú acu. Ógánach, beirt fhear sna fichidí agus fear sna tríochaidí atá sa cheathrar.
Creideann na Gardaí gur maraíodh William Moorehouse i mbruíon a bhí socraithe ag daoine ón lucht siúil a bhí in aighneas le chéile.
Tá siad den bharúil gur aighneas aon uaire a bhí ann agus nach achrann leanúnach ba chúis leis an marú.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ