Tá beirt fhear gafa ag na póilíní i nDoire maidir le drochionsaí a rinneadh ar fhear sna fichidí a buaileadh le barraí iarainn ina theach conáithe i Leifear i gCo Dhún na nGall ar maidin arú inné.
Tá an fear go dona tinn in Ospidéal an Royal Victoria i mBéal Feirste.
Deir na Gardaí gur cúigear fear a raibh púicíní orthu a d'ionsaigh é.
Bhuail siad buillí ar athair an fhir freisin ach níor gortaíodh é chomh dona lena mhac.
Tugadh an mac i héileacaptar chuig an ospidéal i mBéal Feirste agus is chuig Ospidéal na hOllscoile, Leitir Ceanainn a tugadh an t-athair.
Tá na Gardaí agus na póilíní sa Tuaisceart ag obair as lámh a chéile le súil breith ar an dream a bhí freagach as an mbrúidiúlacht.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ