Sa Tuirc, maraíodh 66 duine agus leonadh breis agus leathchéad de bharr dóiteáin a tharla in óstán ag ionad sciála i gceantar sléibhe Bolu in iarthuaisceart na tíre.
Is ag thart ar 3.30 ar maidin a chuaigh an t-óstán dhá stór déag le thine agus b'éigean do dhaoine in uachtar an tí léim anuas de na fuinneoga le teitheadh ó na lasracha agus ón deatach.
Dealraíonn sé gur cumhdaithe le hábhar adhmaid a bhí aghaidh an óstáin.
Tá an-tóir ar an ionad sciála áirithe sin an tráth seo bliana agus daoine óga sa Tuirc saor ón scoil.
Tá ceathrar gafa ag na póilíní maidir leis an tubaiste, úinéir an óstáin ina measc.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ