Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Ionad BNY Mellon i Loch Garman le dúnadh

21 JANUARY 2025, 14:28

Ionad BNY Mellon i nDraighneach, Loch Garman
X Facebook

Tá suas le 300 oibrí in ionad an chomhlachta BNY Mellon i Loch Garman le haistriú go hionaid eile nó le ligean chun siúil.

Tá sé deimhnithe ag an gcomhlacht seirbhísí airgeadais go bhfuil an t-ionad atá acu i nDraighneach ar cholbha theas bhaile Loch Garman, go bhfuil sé le dúnadh acu.

Is in 2002 a osclaíodh an t-ionad agus is 310 duine atá fostaithe ann faoi láthair.

Deir BNY Mellon go gcoinneofar roinnt bheag den fhoireann oibre – deichniúr nó mar sin – ach is ag obair ón mbaile a bheas siadsan.

Bhí sé ina ráfla le scaitheamh go raibh rún ag BNY Mellon athstruchtúrú a dhéanamh ar an gcomhlacht agus go raibh an t-ionad i nDraighneach i mbaol.

Tuigtear go raibh cruinniú ag bainistíocht an chomhlachta leis na hoibrithe faoin scéal ar maidin inniu.

Ta ionaid eile ag BNY Mellon i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh ach tuigtear nach rachaidh an t-athstruchtúrú i gcion orthusan.

Dúirt an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta Peter Burke go gcuirfeadh an Rialtas agus an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail tacaíocht ar fáil do na daoine i Loch Garman atá le ligean chun siúil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ